Loading
Cur Seomraí in áirithe

Maidir le

Teach Hiudai Beag

Is teach é, Teach Hiudai Beag, a bhfuil oidhreacht an chúltúr Ghaelaigh le braithstin go láidir in achan choiscéim da dtug sé, le linn a bheatha atá fós ag análú go láidir.

Théid sé i bhfad siar, go dtí an dara leath den naoiú haois déag, is síbín a bhí ann ó thús amá. Bhí dlúthcheangal ag muintir na háite agus iascairí na n-oileán leis an teach tabhairne, rud a thugann go bhfuil oidhreacht shaibhir aige ó thaobh an bhéaloidis de.

Tá rian an dúchais agus an chúltúir le braithstin go laidir ó thaobh cruinneas Gaeilge na gcustaiméirí aitiúla agus custaiméirí eile nach hiad, agus gaol mhór ag lucht na sé condae leis an teach thar na mblianta. Tá siad mar dhlúthpháirt d’oidhreacht an tí.

Is teach é a bheir meas agus aitheantas de lucht na nealaíona, agus a fhianaise ar a mhinicí a fhreagraíonn lucht na healaíona an t-aitheantas sin tré leabharthaí filíochta, gearrscéalta agus dluthdhioscaí ceoil a lainseáil sa teach.

Is beag ceoltóir iomráiteach i gciorcail an cheoil traidisiúnta nar bhuail isteach sa teach seo agus munar bhuail, is cinnte gur chuala siad iomrá air.

Tá oidhreacht spóirt ag an teach fosta ó tharla gur peileadóir gaelach iomráiteach ba fear an tí, Hiudaí Beag, atá ar shlí na firínne ó bhí 1974, ó sin go 1993 ba Cití, a bhaintreach a bhí mar úinéir an tí – Bean an chumasach, neamhspléach agus cothrom í, a raibh smacht mhilteannach aici ar chustaiméirí ó thaobh iompar agus béasaí de. Sheasaigh sí an fód go láidir le linn a hama mar úinéir ar son an cheoil ghaelaigh agus bhéarfadh sí uchtach mhór dfhoghlaimeoirí Gaeilge tré iarracht mhór a dhéanamh Gaeilge a labhairt leo. Tá sí beo beithíoch go fóill, ag 98 bliain d’aois agus seineann sí feadóg fhrancach agus bosca ceoil.

Ó shin i leith tá a mac Hugh, an duine is óige de cheathrar clainne ina úinéir. Seineann seisean ceol gaelach sa teach tabhairne ar an fhideal agus méarchlár .

 

Buail Isteach!

Le Tacaíocht Ó

Branda Gaeltacht na hÉireann
údarás Logo